Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’fhág sé an scoil nuair a bhí sé 14 bliana agus thosaigh sé ag déanamh píosaí oibre. Shaothraigh sé cúpla punt ag baint mhóna agus bhí go leor oibre le déanamh sa bhaile aige. | 00:01:00 | |
Bhí go leor oibre le déanamh fan bhaile aige, bhí a dheartháireacha ar shiúl. Nuair a bhí se 18 bliana thosaigh sé ag obair leis an Chomhairle Contae ach in 1955 d’imigh sé go Sasana le cúpla comharsan do. Fuair sé fostaíocht in Southampton in scaglann ola. Choinnigh Seán ag bogadh thart ag obair fríd Shasana mar go rabhthar a chuardach le dhul san airm. Bhí cuid mhaith oibre in Sasana ag an am. | 00:07:03 | |
D’imigh sé ansin go dtí an Isle of Grain ag obair ar scaglann ola. Bhí léir Éireannaigh thall ag obair ansin fosta. Bhíodh cuid mhór troda ann fosta agus déanann sé cur síos ar chuid de seo. | 00:02:42 | |